Gnó a dhúnadh nó a dhíol

Réamhrá

Tá neart ceisteanna le freagairt ag úinéir gnó a bhfuil dúnadh gnó nó aistriú gnó os a c(h)omhair. Tá sé mar chuspóir ag an gcáipéis seo eolas den scoth a chur ar fáil duit faoi na ceisteanna seo agus nascanna a chur ar fáil do mhioneolas chun treoir a thabhairt duit tríd an bpróiseas seo.

Trádálaí aonair

Más trádálaí aonair thú, níl an próiseas casta in aon chor. Níl ort ach stop a chur leis an trádáil agus do chuid cliant agus soláthróirí a chur ar an eolas nach mbeidh tú i mbun gnó a thuilleadh. Is gá duit taifid airgeadais agus eile a choimeád ar feadh 6 bliana i ndiaidh an dúnta.

Má úsáideann tú ainm gnó, ní mór duit an Oifig um Chlárú Cuideachtaí a chur ar an eolas gur stop tú leis an trádáil laistigh de 3 mhí. Déanann tú seo trí leas a bhaint as Foirm RBN3 (pdf).

Is féidir leat do chlárú cánach agus CBL a chealú leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Fhógra um Chealú Clárú Cánach (foirm TRCN1) (pdf) a chomhlánú.

Má tá fiacha ag creidiúnaithe ort, tá tú freagrach go pearsanta as na fiacha sin. Léigh níos mó inár ndoicméad faoi fhadhbanna fiachais.

Cuideacht

Foirceannadh deonach

Má tá do ghnó ionchorpraithe mar chuideachta b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh do ghnó a dhúnadh le dhul ar scor nó ar chúis phearsanta eile. Tugtar leachtú ar an bpróiseas ina ndéantar cuideachta a fhoirceannadh le nach mbeidh sí ann a thuilleadh trí a cuid sócmhainní a úsáid chun a fiacha a ghlanadh. Is leachtaitheoir an duine a cheaptar leis an gcuideachta a fhoirceannadh agus ag a bhfuil sé de phríomhfheidm sócmhainní na cuideachta a dhiúscairt, a cuid fiach a íoc nó a réiteach agus aon bharrachas a leithdháileadh dá cuid ball. Nuair atá cuideachta á leachtú, is gnách gurb é an leachtaitheoir a ghlacann cumhachtaí na stiúrthóirí. Tá 2 chineál leachtú deonach ann. Is iad sin ná:

Leachtú deonach na mBall: Seo nuair a dhéanann baill cuideachta atá in ann a fiacha a ghlanadh cinneadh í a fhoirceannadh. Mar chuid den phróiseas ní mór do thromlach de stiúrthóirí na cuideachta dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh. Ciallaíonn an dearbhú seo go bhfuil fiosrú déanta acu ar ghnóthaí na cuideachta agus go gcreideann siad go mbeidh sí in ann a fiacha a ghlanadh laistigh de thréimhse áirithe.

Leachtú deonach na gCreidiúnaithe: Seo nuair nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc nuair a bhíonn siad dlite. Uaireanta tarlaíonn sé seo nuair a dhéantar leachtú deonach na mball a athrú go leachtú deonach na gcreidiúnaithe. I gcásanna eile, tarlaíonn sé nuair a shocraíonn baill cuideachta gur chóir, de bharr fiacha na cuideachta, í a dhíscaoileadh mar leachtú deonach na gcreidiúnaithe.

Dócmhainneacht

Ciallaíonn leachtú neamhdheonach go ndéanann an chúirt cuideachta a fhoirceannadh. Go hiondúil, tarlaíonn sé seo tar éis do bhall nó do chreidiúnaí ar bith sa chuideachta é a thionscnamh. I gcásanna áirithe, is féidir leis tarlú ar ordú ón Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Ceapann an chúirt leachtaitheoir agus déanann sí maoirseacht ar an bpróiseas leachtaithe.

D’fhéadfadh sé go gceapfadh an chúirt glacadóir, nó glacadóir a cheapadh agus comhaontú iasachta á fhorghníomhú. Ceaptar an glacadóir le seilbh a ghlacadh ar shócmhainní na cuideachta a úsáideadh mar urrús le haghaidh iasachta, ar nós morgáiste. Nuair atá sócmhainní áirithe de chuid na cuideachta in úsáid mar urrús le haghaidh iasachta, díolann an glacadóir na sócmhainní seo thar ceann an iasachtóra.

Má théann cuideachta i mbun scrúdaitheoireachta, ciallaíonn sé go bhfuil cúrsaí airgeadais na cuideachta i ndroch-chaoi, ach go bhfuil seans ann i gcónaí go leanfaidh sí ar aghaidh. Scrúdaitheoir is ea an duine a cheapann an chúirt do chuideachta le seasamh na cuideachta a mheasúnú agus le plean tarrthála a réiteach don chuideachta.

Is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil sa bileog faisnéise (pdf) a d’fhoilsigh Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Tá liosta de chuideachtaí dócmhainneacha atá i mbun leachtaithe ar láithreán gréasáin Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Fostaithe agus gnó a dhúnadh

Nuair a dhúntar/aistrítear gnólacht, cosnaíonn an dlí cearta fostaithe sna cúinsí seo.

Mura dteastaíonn seirbhísí roinnt de d’fhostaithe uait a thuilleadh (de bharr go bhfuil agat deacrachtaí airgeadais nó go bhfuil do ghnóthas á atheagrú agat) b’fhéidir go mba ghá duit iad a dhéanamh iomarcach. Tá an uile fhostaí incháilithe i dteideal iocaíocht iomarcaíochta reachtúla nuair a dhéantar iomarcach iad.

Ní mór duit a chinntiú go leantar nósanna imeachta córa: áirítear critéir áirithe roghnaithe córa, fógra ar a laghad 2 sheachtain a thabhairt do d'fhostaithe agus an íocaíocht iomarcaíochta a íoc leis an bhfostaí ar dháta na dífhostaíochta. D’fhéadfadh do chuid fostóirí bheith i dteideal éileamh a tharraingt aníos maidir le dífhostú éagórach má shíleann siad gur roghnaíodh go héagórach iad le haghaidh iomarcaíochta nó má mheasann siad nárbh ann do chás ceart iomarcaíochta.

Is scéim í Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta a cuireadh ar bun chun teidlíochtaí áirithe atá fós gan comhlíonadh a íoc nuair a cuireadh deireadh le fostaíocht. Ní bhaineann sé seo ach le dócmhainneacht fostóra.

Comhiomarcaíochtaí

Faoi na hAchtanna Um Chaomhnú Fostaíochta 1977-2007 ní foláir d'fhostóirí a bhfuil pleananna comhiomarcaíochta acu eolas a chur ar fáil d'ionadaithe fostaithe. Ní mór dóibh eolas ar leith maidir leis na hiomarcaíochtaí atá beartaithe a chur ar fáil do na hionadaithe agus iad a phlé leo ar a laghad 30 lá roimh a tharlaíonn an chéad dífhostú. Tá sé amhlaidh chun féachaint an féidir na hiomarcaíochtaí a sheachaint nó a dtorthaí a mhaolú.

Éilíonn an tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (pdf) ar fhostóirí atá 50 fostaithe nó níos mó acu dul i gcomhairle le d’fhostaithe i dtaobh athruithe móra na láithreach oibre, lena náirítear tograí comhiomarcaíochta.

Aistriú gnóthais

Chuir an Aontas Eorpach rialacháin áirithe ar bun chun cearta fostaithe i gcás aistrithe gnóthais a chosaint. Tá an chosaint seo i bhfeidhm in Éirinn agus forálann sí go n-aistreofar cearta agus oibleagáidí an bhunúinéara a eascraíonn as caidreamh bunaithe ar chonradh fostaíochta atá i bhfeidhm ag dáta an aistrithe go dtí an úinéir nua (an t-aistrí).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Meán Fómhair 2017